ag
(Pron Prep 3P Pl)

Bhíodh buidéal biotáile acu chun sláinte an lanúin óig a ól, uaireanta chun athair muintir a bhogadh chun iníon a fháil agus chun an cleamhnas a dhéanamh. 🔊

Tar éis pósta bhíodh rince agus ceol, amhránaíocht agus spórt acu i dtig tábhairne ar an mBuailtín go tráthnóna. 🔊

Ansin thagaidís abhaile don oileán agus bhíodh oíche eile go maidin acu. 🔊

Thugaidís bairille leanna duibhe leo agus buidéal fíona do na mná, agus cad é an oíche a bhíodh acu go maidin, seanamhráin bhreátha, ceol agus rince. 🔊

Frequency index

Alphabetical index